Conradh na Gaeilge an tAonach

Tá Dún Mhuire suite ag 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann agus “Conradh na Gaeilge”  le feiceáil go soiléir ar an bhfoirgneamh i lár an bhaile.

Is í aidhm an Chonartha  labhairt  agus leathnú  na Gaeilge san Aonach agus sa cheantar maguaird.

Is lárionad na Gaeilge é Dún Mhuire  agus sa  bhfoirgneamh seo  tá oifig, siopa beag le leabhair do pháistí agus do dhaoine fásta, cártaí,  halla agus seomraí cruinnithe.   Eagraítear Féilte go háirithe Seachtain na Gaeilge, léachtanna, Oícheanta Ceoil, Drámaíocht agus Ranganna i rith na bliana. 

Tagann páistí an Naíonra le chéile go laethúil le linn na scoilbhliana.  Bíonn na páistí ag foghlaim go nadúrtha trí bheith ag éisteacht agus ag spraoí.

Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge fostaithe ag Conradh na Gaeilge le cabhair ó Scéim Pobal Gaeilge urraithe ag Foras na Gaeilge.

Dún Mhuire is the Conradh na Gaeilge Irish language Centre in Nenagh, Co. Tipperary.   Conradh’s aim is to promote and spread the use of the Irish Language throughout the district.

An tOifigeach Gaeilge  is available to help with questions in Irish or about Irish, help with translations or  to encourage Irish in any way.

Eolas: 067/41570

cnagantaonach@gmail.com 

www.cnagantaonach.com.

Ceolchoirm na Bealtaine

Seo an Scéal……le Conradh na Gaeilge

120 Bliain den fhéile Ghaeilge is mó ar domhan á ceiliúradh

Ainmníodh Sene Naoupu, Cormac Ó hEadhra agus Séaghan Ó Súilleabháin mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2022.  Reáchtáileadh Seachtain na Gaeilge don chéad uair in 1902 agus i mbliana tá lucht eagraithe na féile ag súil le scoth na n-imeachtaí ar fud an oileáin agus ar fud an domhain le linn na féile.  Is as Conamara ó dhúchas do Chormac Ó hEadhra, láithreoir raidió le RTÉ Raidió a hAon, in éineacht leis beidh an t-imreoir rugbaí clúiteach Sene Naoupu agus cruthaitheoir TikTok @KerryCowboy, Séaghan Ó Súilleabháin, mar ambasadóirí na bliana seo do Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge:

“Táimid ag súil le 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh i mbliana. Tá an fhéile ag dul ó neart go neart agus táim cinnte go spreagfaidh ceiliúradh na bliana seo níos mó grúpaí fós chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh is mó ar an nGaeilge ar domhan.” Agus 120 bliain á gceiliúradh acu, tá foireann na féile ag súil go gcinnfidh daoine nár ghlac páirt san fhéile sna blianta roimhe seo traidisiún nua a dhéanamh de páirt a ghlacadh i Sheachtain na Gaeilge le Energia, ó 2022 ar aghaidh.

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Tá lúcháir orainn ambasadóirí iontacha den sórt sin a bheith againn i mbliana. Tá a gcuid scéalta féin ag Sene, Cormac agus Séaghan leis an nGaeilge agus tá súil againn go meallfaidh siad daoine ó chúlraí éagsúla chun páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge le Energia agus roinnt Gaeilge a labhairt, a dtraidisiún nua i mbliana.”

Deir Lorna Danaher, Bainisteoir Urraíochta le Energia: 

‘Is ócáid thar a bheith tábhachtach é comóradh 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge agus tá lúcháir orainn in Energia a bheith mar an cumhacht a taobh thiar den fhéile arís i mbliana. Is é ‘Traidisiún Nua’ atá mar théama ag an bhféile i mbliana agus tá sin á léiriú go foirfe ag ár 3 ambasadóir iontach, Sene, Cormac agus Séaghan. Táimid ag tnúth go mór le himeachtaí na bliana seo agus súil le go leor daoine a bheith páirteach linn!” 

Seoladh Seachtain na Gaeilge le Energia i gCathair na Gaillimhe, Dé Sathairn 26 Feabhra 2022 ag 14:00 in ionad siopadóireachta ar an bhFaiche Mhór, áit a raibh Seo Linn ag seinm ann.

Féile an Aonaigh

Anseo san Aonach beidh daltaí Bunscoile ag iomaíocht i gComórtais Ealaíne, Aithriseoireachta, Óráidíochta agus Slua Amhránaíochta san Ionad Ealaíne, Halla an Bhaile Dé Máirt agus Dé Céadaoin 8 & 9 Márta. Ócáidí taitneamhacha a bheidh ann leis an Ghaeilge a chloisint taobh amuigh den scoil.

Comórtais  scríofa a bheidh ag na hIarbhunscoileanna le “Blágáil” agus comórtas filíochta “Óg Fhile.”   Beimid ag súil le Díospóireacht chomh maith.

Taitníonn sé le daoine óga bheith ag iomaíocht agus ag baint duaiseanna.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó Kirsty ag 067/41570 nó cnagantaonach@gmail.com

Ócáidí don Dialann:

Beidh Maidin Caife ar an gCéadaoin, 2, 9, 16 Marta, in Óstán Abbey Court ar 11.00 am.

SCÉALDRAMAÍ FÍSE:

Déardaoin 10 Márta léireofar Scéaldrámaí Físe ag Aisteoirí an Aonaigh.

Is iad na scéalta atá ann ná “Cé hé sin amuigh,” “Dúirt Bean Liom,” agus 

“An Dochtúir agus a Phrintíseach.”

Beidh Agallamh Beirte “Gluaisteán nach nGluaiseann,” le feiceáil freisin.

Is ar 8.00 pm an 10 Márta i nDún Mhuire a bheidh an seó drámaí.

Bígí linn agus fáilte.

Gluais :

Reachtáileadh  -was organized; scoth na n-imeachtai – the best events;

Ó dhúchas – native; láithreoir – presenter; clúiteach – famous; 

Ó neart go neart – from strength to strength; cinnfidh – will decide;

Ambasadóirí iontacha – wonderful ambassadors; meallfaidh they will entice;

Ó chulraí éagsúla – from different backgrounds; traidisiún nua – new tradition.

Foirfe –   Perfect   ócáidí don dialann – occasions for the diary.

Déardaoin 9/12/2021 – Dún Mhuire, 7.30 pm

Filíocht le Daithí Mac Dhuibhinse
Plé ar “Madame Lazare.”

Seo an Scéal…………………le Conradh na Gaeilge. 

“Téada” le Séamus Begley.

Sárghrúpa thraidisiúnta is ea “Téada.”  Cuirfear fáilte rompu san Ionad Ealaíne ar an Aonach, an Aoine 12 Samhain, 2021. Chuir Oisín MacDiarmada tús leis an ghrúpa fiche bliain ó shin.   Tá an-chuid duaiseanna buaite ag Oisín féin a sheinneann an fidil. Cúigear a bhí ann ó thús mar seo leanas : Paul Finn, Uibh Fhailí, le bosca ceoil, Damien Stenson ó Shligeach le fliút/ feadóg stain, Seán McElwain ó Mhuineachán le giotar/bouzouki, agus Tristan Rosenstock, Baile Átha Cliath le bodhrán.  Anois beidh an Ciarraíoch cáiliúil Séamus Begley le bosca ceoil agus amhráin le “Téada.” Amhránaí Traidisiúnta na bliana ar TG4 2013 is ea Séamus.  Bean óg amháin, Samantha Harvey ó Mheiriceá  a bheidh ar stáitse leo  le piano / damhsa. Tá “Téada” tar éis a bheith ag féilte móra ar fúd an  domhain sna Stáit Aontaithe, Ceanada, Mexico, tríd an Eoraip, san Afraic, san Astráil agus sa Rúis. Tá an t-adh linn gur féidir leo bheith linn san Ionad Ealaíne / Halla an Bhaile ar an Aonach ar an 12 Samhain. Bhí tionchar na paindeime ar an saol go hiomlán le dhá bhliain anuas agus i dtreo is go mbeidh daoine slán sábháilte beidh gá leis an Teastas Digiteach Covid a thaispeáint ag an doras. Tá “Téada”, Séamus Begley agus Samantha Harvey ar na ceoltóirí is fearr sa tír agus tá sé go hiontach go mbeidh siad beo ar stáitse ar an Aonach ar an Aoine 12 Samhain ar 8.00 pm.   Dáta don dialann!

Máire Mhac an tSaoí.

Bhí uaigneas ar an tír go léir nuair a chualathas go raibh Máire Mhac an tSaoí tar éis bás a fháil. Rugadh Máire i mBaile Átha Cliath 1922. As Tiobraid Árann Theas dá máthair, Margaret Brown. Phós a mathair Seán Mac an tSaoi ón tuaisceart agus ba phoblachtánaigh iad beirt.  Bhí tigh ag deartháir na máthar – an Monsignor Pádraig de Brún – sa Ghaeltacht i gCiarraí agus is ann a chuaigh siad gach samhradh agus is ann a fuair Máire cion agus grá don Ghaeilge. File agus scoláire abea Máire; bean cumasach meabhrach.  Bhain sí céim B.A : sa Ghaeilge, Béarla, Frincis agus sa Léann Ceilteach.  Abhcóide dlí ab ea í freisin.   Foilsíodh a céad chnuasach filíochta  “Margadh na Saoire”sa bhliain 1956.   Bhí an t-ádh linn sa Chonradh gur thugamar cuireadh di filíocht a léamh san Aonach thart ar triocha bliain ó shin.  Tá cuimhne fós ag cuid againn ar an ócáid in ósta Derek Brown (nach bhfuil ann a thuilleadh).  Duine béasach cineálta a bhí i Máire Mhac an tSaoí.  Guímid leaba i measc na naomh Gaelacha di.

Póilín Ní Chiaráin.

Bhronn an tAire Stáit Jack Chambers Buaicghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge ar an iriseoir agus craoltóir aitheanta Póilín Ní Chiaráin ag searmanas i dTeach Farmleigh Dé Máirt, 26 Deireadh Fómhair. As Gaeltacht Mhaigheo ó dhúchas do Phóilín a bhfuil taithí na mblianta aici agus í ag saothrú ó Bhéal Feirste.  Thosaigh Póilín ag obair le RTE i mBaile Átha Cliath. ar chláracha Gaeilge. Bhí sí fós mar iriseoir do RTE nuair a d’aistrigh sí go Béal Feirste.  Chaith sí tamall i gCathair Dhoire ag obair don BBC.  Is mar saoririseoir a chaith sí a cuid ama sna nóchaidí.  Tá sí anois mar chomhfhreagraí ó thuaidh ag RTE Raidio na Gaeltacha agus ag an iris Tuairisc. I ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge duradh go raibh an gradam á bhronnadh ar Phóilín ar son a cuid oibre “Fíorchumasach, láneolasach, ildánach.” Tréaslaimid léi.

Gluais:

tionchar na paindeime ;- influence of the pandemic; teastas – certificate;

tuaisceart – north; poblachtánaigh – republicans; cion agus grá – love;

cumasach – capable; meabhrach – intelligent; abhcóide – lawyer;

foilsíodh – was published; béasach – mannerly; cineálta – kind;

buaicghradam cumarsáide –  highest communications distinction;

searmanas – ceremony ag saothrú – working; iriseoir – journalist;  saor – free;

comhfhreagraí – correspondent; fíorchumasach- extremely capable;

láneolasach – full of knowledge; ildánach – accomplished.

Seachtain na Gaeilge 2021

Féile an Fhómhair 2019

Féile an Fhómhair 2019.

Bhí Tráth na gceist againn anseo ar maidin i nDún Mhuire.

Sa chéad Áit tháinig: Fionn O’Meara, Conal Daly, Brendan White, Jack Mulcahy. Ó CBS Nenagh
Dara Áit: Jim Paxman, Aodhán O’ Connor, Billy Shanahan, Danny Quinn. CBS Nenagh.
Tríú Áit: Stuart Fox Powell, Colleen Boyle, Cailín Doyle, Katie Gohery. Ó @BorrisokaneCC.