Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 5 – 17 Márta 2011
Anseo san Aonach bhí Féile an Aonaigh ar siúl idir an 5 – 17 Márta 2011. Mar is eol don saol bhí Comórtais don Óige agus imeachtaí ar siúl do dhaoine fásta. Bhí caint ceol agus comhludar ar siúl i dTábhairne Una Powell. Bhí an t-amhránaí Déiseach Ciarán Ó Gealbháin anseo in nDún Mhuire ar an 10 Márta. Bhain Ciarán leis an ghrúpa “DANÚ’ a thaistil an domhan ach anois tá staidéar a siúl aige ar amhráin na nDéise agus é ag múineadh chomh maith in Ollscoil Chorcaí.
Chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i measc chomhluadair bhí Maidin Chaife i Rogha na Tuaithe ar an 14 Márta agus ar an 15 Márta bhí Tráthnóna Caife i Cinnamon Alley. Chomh maith le seo bhí Seisiún Ceoil i dTábhairne Rohan ar an 16 Márta.
Bhí áthas orainn go raibh na duaiseanna do Chomórtas don Óige á mbronnadh ag Darragh Egan (imreoir Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann 2010). Bhuaigh Darragh go leor duaiseanna sna comórtais nuair a bhí sé féin ina dhalta! Gan dabht spreag sé na páistí óga.
Tá an Ghaeilge thart timpeall orainn agus í an bheo i saol na hÉireann. Bígí ag caint!