Téada agus Séamus Begley

Tháinig ‘Téada’ agus Séamus Begley chuig an Aonach ar an 5 Belataine.  B’é Oisín MacDiarmada sár-fhidléar Shligigh, a chuir tús le Téada sa bhliain 2001.  Tá céim sa cheol ag Oisín ó Choláiste na Trionóide agus a thuilleadh staidéar déanta aige ó shin.   Sa ghrúpa leis bíonn Paul Finn ar an mbosca ceoil ó Chontae Laoise, Damien Stenson ar an bhfeadóg mhór ó Chontae Shligigh, Seán McElwain leis an ghiotar/bouzouki ó Chontae Mhuimhneacháin agus Tristan Rosenstock leis an mbodhrán ó Bhaile Átha Cliath.

Tá an domhan siúlta ag Téada agus iad ar stáitse i gCeanada, san Astráil, timpeall na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus a gceol ar fáil ar CDanna.

Toisc go raibh cúraimí eile ar cúpla duine de na ceoltóirí nuair a sheinn  siad i nDún Mhuire tháinig Séamus Begley (a bhí tar éis tamall a chaitheamh i Meiriceá leo) le bheith ina dteannta ar an 5ú Bealtaine, 2011.

Bhí sár-oíche, sár cheol, sár chomhluadar agus faoiseamh ó bhuarthaí an tsaoil ann.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s