Oíche Mhór Cheoil: 10/2/2012

Oíche sár cheolmhar a bhí i nDún Mhuire ar an Aoine, 10 Feabhra.   Chuir Clíona Ní Éanáin agus Jack Mac Parthaláin tus leis na himeachtaí – ise ar an bheidhlín agus eisean ar na piopaí uileann.  Beidh siad beirt ag iomaíocht le chéile i bhFleá na Mumhan amach anseo.   Lean Róisín Ní Chiaragáin, Lucia Nic Pharthaláin agus a cairde ó Bhiorra.   Arís bhíodar an-chumasach – dhá uirlis an duine á sheint acu.   Beidh siad páirteach i Siansa Gael Linn go luath.

Sheinn Naomi, Emily agus Rút Ní Mhuiríosa ar an bheidhlín, méarchlár, agus ar an bhfliút agus bhí Mark Forde ar an mbosca ceoil.  Léim Marian Ní Chonghaile (ó Chonamara) amach le damhsa ar an sean-nos gan choinne.   Mheall sí cúpla duine óg amach léi agus is iad a bhí sásta go háirithe John Ó Muiríosa, mac Emily a sheinn an fheadóg stain níos déanaí.

Bhí deis ag an gcomhluadar bheith ag plé le chéile le linn an tsosa.   Chan Maire O Raghallaigh (Durlas) cúpla amhrán a chum  sí féin agus lean an ceol ar ard-chaighdeán ar feadh na hoíche.   Bhí an Ghaeilge á labhairt go nádurtha agus oíche an-taitneamhach ag an slua breá a bhí i láthair.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s