Luan 12-3-2012 ag a 8.00: Louis de Paor – File Ronan Browne – Píobaire Róisin Elsafty – Amhránaí Luan 12-3-2012

Táimid ag súil go mór le “Foinn agus Focail” leis an Dr. Louis de Paor, File, Ronan Brown, Píobaire agus Róisín Elsafty, Amhránaí a bheidh i nDún Mhuire mar chuid de Fhéile an Aonaigh ar an luan, 12 Márta.

Dr.Louis de Paor i gCorcaigh a rugadh Louis de Paor.   San iris “Innti” a foilsiodh a chuid filíochta ar dtús, agus tá lear mór duaiseanna bainte amach aige dá chuid dánta : duais Oireachtais Sheáin Uí Ríordáin (ceithre huaire) agus duais Lawrence O’Shaughnessy sa bhliain 2000, an chéad fhile Gaeilge a bhain an gradam sin amach.  Chaith Louis cuid dá shaol san Astráil áit ar eirigh leis scoláireachtaí a fháil chun a thuilleadh staidéar a dhéanamh.

Ar ais in Éirinn tá sé mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh, Coláiste na hOllscoile Gaillimh.   Tháinig sé chuig an tAonach leis an gceoltóir Ronan Browne sa bhliain 2010 nuair a foilsíodh a leabhar “Agus Rud Eile De.”    Bhain gach duine taitneamh as a chuid filíochta a léigh sé i mBéarla agus i nGaeilge.   Anuraidh foilsíodh “The Miraculous Parish/ An Paróiste Miorúilteach – Collected Poems” le Máire Mhac an tSaoi agus Louis de Paor.

Róisin Elsafty rugadh agus tógadh Róisín i gConamara.   As Cill Chiaráin dá máthair Treasa Ní Cheannabháin a thug an sean-nós léi go nadurtha óna hóige. As an Éigipt d’athair Róisín ach spreag sé í i gcónaí  chun leanúint leis an amhránaíocht ar an sean-nós a d’fhoghlaim sí óna máthair.    D’eisigh sí a céad albam “Má bhíonn tú liom ,” le Ronan Browne ag seinnt  sa chúlra sa bhliain 2007.   Bailíodh a lán airgid dos na Palistínigh i Gaza leis an amhrán “An Phalistín” a thaifead sí do Sharon Shannon  sa bhliain 2003.  Thaistil Róisín ar fúd na hÉireann agus na hEorpa ag canadh agus ag múineadh ceoil.  Fiú amháin bhí sí ag canadh sa tSín le Mary Black agus Cara Dillon sa bhliain 2004.  Le cúpla bliain anuas bíonn sí ar stáitse go minic le Ronan Browne.  Bronnadh an gradam “An tAmhránaí Is Fearr ar an Sean-Nós” uirthi sa bhliain 2010.

Ronan Browne rugadh Ronan i mBaile Átha Cliath ach tá cónaí air anois sa Spidéal i gConamara.  Tugadh píobaí uilleann dó nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus bhí na ceoltóirí Willie Clancy, Johnny Doran agus Séamus Ennis ina thionchar mhor air feasta.  Bhi cáil na n-amhrán ar a sheanmháthair Delia Murphy sna triochaidí agus sna daicheadaí leis na hamhráin  “If I were a blackbird,” The Spinning Wheel,” nó “Three Lovely Lassies from Bannion.”

Sheinn Ronan popcheol, snagcheol agus ceol tire ag amanna difriúla ach is le ceol tradisiúnta atá a cháil in Éirinn.  Chomhoibrigh sé  le Donal Lunny, Anuna, Finbar Wright, Alan Stivell, Tommy Hayes, Sean Tyrrell, Bill Whelan, Paul Brady, Sinéad O’Connor agus ceolóirí nach iad.  Scríobh agus sheinn sé ceol do thaispeántas faisin i Londain  agus Paris le John Rocha agus Lainey Keogh.  Ag cur leis an éagsúlacht ina shaol bhí sé féin agus Tommy Hayes i mbun an cheoil dos na drámaí “The Playboy of the Western World” agus “Macbeth” in Amharclann na Mainistreach.   Is é Ronan a chum an ceol don Nuacht ar TG4.  Oíche an-speisialta a bheidh againn le Louis, Róisín agus Ronan  le “Foinn  agus Focail” – amhráin, ceol agus filíocht –  i nDún Mhuire, An tAonach,  ar an Luan, 12 Márta, ar 8.00 pm.  Bígí ann agus fáilte.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s