Seo an Scéal le Conradh na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge linn! Tá Seachtain na Gaeilge ar bun ó 1902 agus d’fhás tréimhse na féile atá ag dul ó neart go neart ó sheachtain go tréimhse os cionn coicíse. Toisc go raibh an-aitheantas faighte ag Seachtain na Gaeilge fágadh an t-ainm mar a bhí ó thús. Eagraítear imeachtaí i ngach contae in Éirinn agus in aon áit a bhfuil na Gaeil lonnaithe. Is í aidhm na seachtaine an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn ague deis a thabhairt do dhaoine Gaeilge a chloisint ague a labhairt. San Aonach eagraítear Féile an Aonaigh i rith an ama ague tagann daltaí ó Bhunscoileanna ague Iarbhunscoileanna Thiobraid Arann Thuaidh chun bheith páirteach sna Comórtais Aithriseoireachta, Labhairt na Gaeilge, Slua Amhránaíochta, Ealaíne, Filíochta ague Blagála. Is féidir linn go léir páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge trí éisteacht le Gaeilge ar an raidio nó féachaint ar TG4 nó Gaeilge a labhairt sa bhaile, ar an bhfón, le do chairde, nó í a úsáid ar na meáin shóisialta.

Bain triail aisti.

Ciorcal Comhrá

Tuigtear dúinn go bhfuil Ciorcal Comhrá go seachtainiúil i dTeach Laighin faoi láthair. Cuireadh in iúl go raibh Teachtaí Dála ague Seanadóirí chomh maith le lucht na hoifige ag ól caife ann agus ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Thug an tAire McHugh spreagadh dóibh toisc go bhfuil feabhas an-mhór tagtha ar a chuid Gaeilge le tamall. Beidh deis ag daoine gur mhaith leo Gaeilge a chloisint ague a labhairt teacht go caife Cinnamon Alley ar an gCéadaoin 4 agus 11 Márta ar 11.00 am. Muna bhfuil tú saor ar maidin beidh fáilte romhat ag Country Choice ag Tae Tráthnóna Déardaoin 12 Márta ar 3.00 pm. Má’s mian leat bheith amuigh san oíche beidh comhluadar Gaelach agus ceol i dTábhairne Rohan ar an gCéadaoin 4 agus 11 Márta agus oíche Aoine 13 Márta i dTábhairne Uí Shúilleabháin chomh maith(Rocky’s).

Ómós Phádraig.

Bainfidh gach duine taitneamh as an gCeolchoirm seo ar an Satharn 14 Márta san Ionad Ealaíne ar 8.00 pm le togha ague rogha ceoltóirí agus damhsóirí. Rachaidh brábús na hoíche chun athchóiriú a dhéanamh ar Chaisleán Drom Inbhir.

An tAifreann

Mar is gnáth beidh Aifreann 9.45 Lá le Pádraig as Gaeilge. Beimid ag súil le lá brothallach, tirim ansin chun dul ag féachaint ar an Mhórshiúil.

Lá na mBronntanas

Ceannaigh leabhar Gaeilge mar bhronntanas ar an Aoine 6 Márta sa Siopa Leabhar i nDún Mhuire, 50 Sr An Phiarsaigh. Beidh sladmhargadh ann ar feadh na seachtaine roimh Lá le Padraig.

Féile Scoildrámaíochta

Thug an moltóir Helen Hallissey ó Chorcaigh ardmholadh don dráma “An tAirc ó Oz” léirithe ag rang 6 Bunscoil na Carraige lena mhúinteoir Gary Prút agus an dráma “Cocaillín Dearg” léirithe ag Rang 1 Gaelscoil Aonach Urmhumhan lena múinteoir Norma Uí Riain le deanaí. Mhol sí an aisteoireacht, an chaint, an léiriú agus an teacht i láthair ag na haisteoirí óga go léir. Bhain an lucht féachana an-sult astu chomh maith. Comhgháirdeas leo. Beidh na drámaí ag iomaíocht i bhFéile Scoildrámaíochta na Mumhan in Inis ar an 19 Márta. Go n-éirí leo go léir.

Gluais:

Aitheantas – recognition; lonnaithe – settled; na meáin shóisialta – social media;

triail – try; barr feabhais – improve; spreagadh – encouragement;

ómós – respect /in honour of; brabús – profit; brothallach – warm; sladmhargadh – sale.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s