Seo an Scéal

The Boruma Trio

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh The Boruma Trio i nDún Mhuire ar an Déardaoin, 19 Samhain mar chuid d’Fhéile na Samhna. Eileen O’Brien, Andrew MacNamara agus an Dr Geraldine Cotter atá sa Ghrúpa The Boruma Trio agus tá siad ag obair ar CD nua.  Tá an-aithne ag muintir Thiobraid Árann ar Eileen O’Brien agus tagann an bheirt cheoltóir eile ó Chontae an Chláir.   Tá an nasc idir an Clár agus Tiobraid Árann idir Cill Dá Lua agus Béal an Átha le Béal Boróimhe gar don áit agus dá bharr thugadar an tainm The Boruma Trio orthu féin.   Bosca ceoil a sheinneann Andrew MacNamara, amhráin agus fidil ag Eileen agus seinneann Geraldine an fheadóg stain agus an piano.   Bhí oíche iontach ceolmhar ann leis an Trio nuair a bhíodar i nDún Mhuire cheana i mí Feabhra. Mar sin ná caill sár-oíche tarraingteach ceolmhar eile ar an 19 Samhain.

An tOireachtas

Tá an tOireachtas ar siúl ó 1987 – an chead cheann i mBaile Átha Cliath le míle duine i lathair.   Bhí an tOireachtas 2015 ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath san Óstán Citywest.   Is ann a bhuail lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile le hamhráin nuachumtha agus amhráin ar an sean-nós, Agallaimh Beirte, Lúibíní, Drámaí, Damhsa, Scéalta agus Seiminéar. Féile agus Comórtas Ealaíne atá san Oireachtas le Comórtais do dhaoine óga agus fásta.   An tAire Stáit Joe McHugh a sheoil an tOireachtas ar an gCéadaoin agus bhí cuid de á chraoladh ar Raidio na Gaeltachta agus ar TG4.

Féile na Samhna

Beidh Comórtais Iarbhunscoile i bhFéile na Samhna .   De ghnáth tagann daltaí Ó Dhurlas, Bhuiríos Uí Chéin, Ros Cré agus an tAonach chun iomaíocht i dTráth na gCeist Sóisir agus Sinsir.   Ullmhaíonn siad Óráidí agus Díospóireachtaí chomh maith agus baineann siad taitneamh as bheith taobh amuigh den seomra ranga ar feadh tamaill.   Tá fógraí imithe chuig na scoileanna le tamall, ach má chuaigh aon cheann ar strae is féidir glaoch ar Kim Ní Mhaolchatha, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag 067/41570 chun a thuilleadh eolais a fháil.

Maidin Chaife

Is i gCaife Cinnamon Alley a bheidh an Caife á nól le linn na Samhna ar 11.00 a chlog gach Céadaoin.   Tá rogha breá Caife san Aonach agus cheana féin bhíomar i Country Choice, Flynns, The Steeples, agus sa Pantry míonna difriúla.  Is chun Gaeilge a labhairt a thagann daoine le chéile gach seachtain agus bíonn greann agus spórt ag an ghrúpa le chéile.   Bain triail as maidin amháin.

Naíonra “Ríocht na nÓg ag Cúl an Tí.”

Bhí na páistí sa Naíonra ar saoire seachtaine – mar a bhí na daltaí scoile.  Ach bhí ríméad orthu teacht isteach arís don Naíonra ar an Luan.  Bíonn an-áthas orthu ag plé agus ag spraoí le chéile gach maidin.  Foghlaimíonn siad an Ghaeilge i ngan fhios dóibh féin tríd an amhránaíocht, cluichí agus sport.     Is féidir iad a fheiceáil ag siúl chuig an Leabharlann gach seachtain áit a éisteann siad le scéalta á léamh.  Beidh dhá bhliain saor anois do pháistí sa Naíonra idir trí agus cúig bliana ó Roinn na Leanaí.

Ranganna

Beidh Ranganna do dhaltaí ag ullmhu don Teastas Sóisearach agus don Ardteist i nDún Mhuire as seo go dtí an Samhradh Tagann daoine fásta freisin chuig Ranganna.   Má tá spéis agat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge cuir glaoch ar Kim Ní Mhaolchatha, Oifigeach Forbartha Gaeilge Fón :067/41570 nó ríomhphost cnagantaonach@gmail.com Eolas http://www.cnagantaonach.ie

Gluais

Nasc – connection; sheol – launch; iomaíocht – compete; óráidí –speech; díospóireacht – debate; rogha – choice; ríméad – joy; feabhas – improve

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s