Luan 12-3-2012 ag a 8.00: Louis de Paor – File Ronan Browne – Píobaire Róisin Elsafty – Amhránaí Luan 12-3-2012

Táimid ag súil go mór le “Foinn agus Focail” leis an Dr. Louis de Paor, File, Ronan Brown, Píobaire agus Róisín Elsafty, Amhránaí a bheidh i nDún Mhuire mar chuid de Fhéile an Aonaigh ar an luan, 12 Márta.

Dr.Louis de Paor i gCorcaigh a rugadh Louis de Paor.   San iris “Innti” a foilsiodh a chuid filíochta ar dtús, agus tá lear mór duaiseanna bainte amach aige dá chuid dánta : duais Oireachtais Sheáin Uí Ríordáin (ceithre huaire) agus duais Lawrence O’Shaughnessy sa bhliain 2000, an chéad fhile Gaeilge a bhain an gradam sin amach.  Chaith Louis cuid dá shaol san Astráil áit ar eirigh leis scoláireachtaí a fháil chun a thuilleadh staidéar a dhéanamh.

Ar ais in Éirinn tá sé mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh, Coláiste na hOllscoile Gaillimh.   Tháinig sé chuig an tAonach leis an gceoltóir Ronan Browne sa bhliain 2010 nuair a foilsíodh a leabhar “Agus Rud Eile De.”    Bhain gach duine taitneamh as a chuid filíochta a léigh sé i mBéarla agus i nGaeilge.   Anuraidh foilsíodh “The Miraculous Parish/ An Paróiste Miorúilteach – Collected Poems” le Máire Mhac an tSaoi agus Louis de Paor.

Róisin Elsafty rugadh agus tógadh Róisín i gConamara.   As Cill Chiaráin dá máthair Treasa Ní Cheannabháin a thug an sean-nós léi go nadurtha óna hóige. As an Éigipt d’athair Róisín ach spreag sé í i gcónaí  chun leanúint leis an amhránaíocht ar an sean-nós a d’fhoghlaim sí óna máthair.    D’eisigh sí a céad albam “Má bhíonn tú liom ,” le Ronan Browne ag seinnt  sa chúlra sa bhliain 2007.   Bailíodh a lán airgid dos na Palistínigh i Gaza leis an amhrán “An Phalistín” a thaifead sí do Sharon Shannon  sa bhliain 2003.  Thaistil Róisín ar fúd na hÉireann agus na hEorpa ag canadh agus ag múineadh ceoil.  Fiú amháin bhí sí ag canadh sa tSín le Mary Black agus Cara Dillon sa bhliain 2004.  Le cúpla bliain anuas bíonn sí ar stáitse go minic le Ronan Browne.  Bronnadh an gradam “An tAmhránaí Is Fearr ar an Sean-Nós” uirthi sa bhliain 2010.

Ronan Browne rugadh Ronan i mBaile Átha Cliath ach tá cónaí air anois sa Spidéal i gConamara.  Tugadh píobaí uilleann dó nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus bhí na ceoltóirí Willie Clancy, Johnny Doran agus Séamus Ennis ina thionchar mhor air feasta.  Bhi cáil na n-amhrán ar a sheanmháthair Delia Murphy sna triochaidí agus sna daicheadaí leis na hamhráin  “If I were a blackbird,” The Spinning Wheel,” nó “Three Lovely Lassies from Bannion.”

Sheinn Ronan popcheol, snagcheol agus ceol tire ag amanna difriúla ach is le ceol tradisiúnta atá a cháil in Éirinn.  Chomhoibrigh sé  le Donal Lunny, Anuna, Finbar Wright, Alan Stivell, Tommy Hayes, Sean Tyrrell, Bill Whelan, Paul Brady, Sinéad O’Connor agus ceolóirí nach iad.  Scríobh agus sheinn sé ceol do thaispeántas faisin i Londain  agus Paris le John Rocha agus Lainey Keogh.  Ag cur leis an éagsúlacht ina shaol bhí sé féin agus Tommy Hayes i mbun an cheoil dos na drámaí “The Playboy of the Western World” agus “Macbeth” in Amharclann na Mainistreach.   Is é Ronan a chum an ceol don Nuacht ar TG4.  Oíche an-speisialta a bheidh againn le Louis, Róisín agus Ronan  le “Foinn  agus Focail” – amhráin, ceol agus filíocht –  i nDún Mhuire, An tAonach,  ar an Luan, 12 Márta, ar 8.00 pm.  Bígí ann agus fáilte.

Seachtain na Gaeilge – Don Phobal

Féile an Aonaigh 5 – 17 Márta 2012 – Seachtain na Gaeilge

Don Phobal

 

Dáta

Imeacht

Am

Áit

6 & 13 Márta

Club Rince 8 – 10.30 pm Óstán Abbeycourt

6 Márta

Ceol/Comhrá le Gaeilge 8.00 pm Una Powells, An tAonach

8 Márta

Maidin Caife 11.00 am Rogha na Tuaithe

(Country Choice)

An tAonach

12 Márta

Louis de Paor, File

Ronan Brown, Ceoltóir

Róisin Elsafty, Amhránaí

 

8.00 pm

Dún Mhuire,

An tAonach

14 Márta

Rith 2012 4.30 pm An tAonach

14 Márta

Seisiún Ceoil 9.30 pm Tábhairne Rohan, An tAonach

16 Márta

Tráthnóna Caife 3.30 pm Cinnamon Alley, An tAonach

17 Márta

Aifreann as Gaeilge 10.00 am Séipéal Naomh Muire,

An tAonach

17 Márta

Bailiúchán Náisiúnta   An tAonach

17 Márta

Mórshúil 1.00 pm An tAonach

Seachtain na Gaeilge – Scoileanna

Féile an Aonaigh 5 – 17 Márta 2012 – Seachtain na Gaeilge

Clár na gComórtas

Dáta

Imeacht

Am

Áit

 5 Márta Aithriseoireacht Rang 4 4.00 pm Dún Mhuire, An tAonach
Labhairt na Gaeilge Rang 6 4.00 pm Dún Mhuire, An tAonach
 6 Márta Aithriseoireacht/Naíonáin 11.30 am Dún Mhuire, An tAonach
Aithriseoireacht: Rang 1 & 3 4.00 pm Dún Mhuire, An tAonach
 7 Márta Labhairt na Gaeilge Rang 5 4.00 pm Dún Mhuire, An tAonach
Aithriseoireacht Rang 2 4.00 pm Dún Mhuire, An tAonach
9 Márta Scéalta (3-6 bliana) 10.30 am Leabharlann, An tAonach
9 Márta Labhairt na Gaeilge Rang 5 & 6 (athghlaoch) 4.00 pm Dún Mhuire, An tAonach
 9 Márta Comórtas ealaíne bunscoile le fágáil i nDún Mhuire roimh 1.00 pm ar 9/3/11
Comórtas larbhunscoile (filíocht & ealaín) le fágáil i nDun Mhuire roimh 1.00 pm ar 9/3/11
12 Márta Óráid- An dara & idirbhliain/cúigiú bliain 11.00 Dún Mhuire, An tAonach
  Márta Tráth na gCeist  Boird 11.00 am Gaelscoil, Aonach Urmhumhan
13 Márta Cluichí Ghaeilge sa Rang Teach an Léinn
14 Márta Rith 2012 4.30 pm An tAonach
15 Márta Tráth na gCeist Teach an Léinn
15 Márta Slua Amhránaíochta 1.00 pm Ionad Ealaíne, Halla an Bhaile
16 Márta Scéalta (Rang 1-2) 10.30 am Leabharlann, An tAonach
16 Márta Biongó as Gaeilge Teach an Léinn
17 Márta Naíonra “Ríocht na nÓg” sa Mhórshiúl 1.00 pm An tAonach
27 Márta Bronnadh na nduaiseanna 2.00 pm Ionad Ealaíne, Halla an Bhaile