Polasaí um Chosaint agus Leas Leanaí

20171002ChildrenFirst201722220171002ChildrenFirst2017Gaeilge

20171002ChildrenFirst2017

Polasaí  Chosaint agus Leas Leanaí:    Cosaint Leanaí

 

Conradh na Gaeilge,  An tAonach

Aithníonn an bhainistíocht, na baill foirne, oibrithe deonacha agus mic léinn sa tseirbhís seo gurb é an rud is tábhachtaí ná leas na leanaí agus déanfaidh ár seirbhís gach iarracht na leanaí a chosaint trí na nithe seo a leanas a bheith againn:

  • Nósanna imeachta chun ábhair imní maidir le cosaint agus leas na leanaí aithint, freagairt dóibh agus iad a thuairisciú
  • Beartas rúndachta
  • Cód iompraíochta don bhainistíocht, do na fostaithe, mic léinn agus oibrithe deonacha.
  • Nós imeachta um earcaíocht shlán
  • Nósanna imeachta le fostaithe, mic léinn agus oibrithe deonacha a bhainistiú/a mhaoirsiú
  • Nós imeachta chun freagairt do thimpistí agus do theagmhais
  • Nós imeachta chun freagairt do ghearáin
  • Nósanna imeachta chun freagairt do líomhaintí drochúsáide nó faillí i gcoinne ball foirne. Mar chuid den bheartas, déanfaidh an tseirbhís seo na nithe seo a leanas:-
  • Ceapfar Teagmhálaí Ainmnithe chun déileáil le hábhair imní um chosaint leanaí agus Teagmhálaí Ionaid
  • Cuirfear oiliúint ionduchtúcháin ar fáil maidir leis an mBeartas um Chosaint agus Leas Leanaí do gach ball foirne, oibrí deonach, mac léinn agus ball den choiste bainistíochta
  • Cinnteofar go bhfreastalaíonn an fhoireann ar oiliúint um chosaint leanaí de réir mar is cuí
  • Cuirfear maoirseacht agus tacaíocht ar fáil don fhoireann agus do na hoibrithe deonacha a bhíonn i dteagmháil le leanaí
  • Roinnfear faisnéis faoin mBeartas um Chosaint agus Leas Leanaí le teaghlaigh agus leanaí. Roinnfear an beartas seo leis na tuismitheoirí nuair a chláraíonn siad lenár seirbhís
  • Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas seo gach uair a dhéantar teagmhas a thuairisciú nó gach 2 bhliain má tharlaíonn sé sin níos luaithe
  • Beifear ag obair agus ag comhoibriú leis na gníomhaireachtaí reachtúla ábhartha de réir mar is gá.

 

Teagmhálaí Ainmnithe:  Kirsty Ní Riain

Leas Teangmhálaí Ainmnithe: Lena Wyles Woods