Fáilte romhat isteach.

An Ghaeilge san Aonach agus i dTiobraid Árann .

Tá Gaeilge ag 47% de mhuintir Thiobraid Árann Thuaidh agus 42% de mhuintir Thiobraid Árann Theas dar le daonáireamh 2011. Tá Tiobraid Árann ina contae amháin ó 2014 agus tá sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge cúrsaí na Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú tríd an chontae.

img_1202-1.jpgConradh na Gaeilge le feiscint go soiléir ar theach breá ársa “Dún Mhuire,” 50 Sr. an Phiarsaigh, i lár an Aonaigh ag fógairt don saol go bhfuil gnó na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh ag eagraíocht dheonach a fhaigheann tacaíocht ón bpobal.  Tá oifig, ionad don Naíonra,  seomraí cruinnithe, seomraí ranga, siopa le leabhair agus cártaí, agus halla mar amharclann bheag do dhrámaí nó ceol sa teach seo.

Scéim Phobail Gaeilge

Tá Scéim Phobail Gaeilge 2016 (le Foras na Gaeilge) ina thacaíocht láidir ag cabhrú linn imeachtaí a chur ar siúl don phobal. Bíonn Oícheanta ceoil, rince agus amhránaíochta; Féilte, Seachtain na Gaeilge, léachtanna, drámaí, ranganna don phobal, agus Club na nÓg ann i rith na bliana.

Kirsty Uí Ríain atá mar Oifigeach Forbartha Gaeilge agus bíonn sí i dteagmháil le daoine óga, le scoileanna, le lucht gnó agus leis an bpobal i gcoitinne chun úsáid na Gaeilge a spreagadh, agus a labhairt ar fud an chontae. Is féidir teacht isteach chugainn gach lá chun plé le ceisteanna, eolas, nó comhairle a fháil faoi chúrsai na Gaeilge ag  Dún Mhuire, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach.

Kirsty will help you with any information or queries you might have regarding the Irish language.

Fón :  067/41570;  ríomh phost cnagantaonach@gmail.com Suíomh :  http://www.cnagantaonach.ie