Tá Dún Mhuire suite ag 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann agus “Conradh na Gaeilge” le feiceáil go soiléir ar an bhfoirgneamh i lár an bhaile.
Is í aidhm an Chonartha labhairt agus leathnú na Gaeilge san Aonach agus sa cheantar maguaird.
Is lárionad na Gaeilge é Dún Mhuire agus sa bhfoirgneamh seo tá oifig, siopa beag le leabhair do pháistí agus do dhaoine fásta, cártaí, halla agus seomraí cruinnithe. Eagraítear Féilte go háirithe Seachtain na Gaeilge, léachtanna, Oícheanta Ceoil, Drámaíocht agus Ranganna i rith na bliana.
Tagann páistí an Naíonra le chéile go laethúil le linn na scoilbhliana. Bíonn na páistí ag foghlaim go nadúrtha trí bheith ag éisteacht agus ag spraoí.
Dún Mhuire is the Conradh na Gaeilge Irish language Centre in Nenagh, Co. Tipperary. Conradh’s aim is to promote and spread the use of the Irish Language throughout the district.
Eolas:
cnagantaonach@gmail.com
067 41570