An tAonach – An Logainm

An tAonach – An Logainm

Tá logainmneacha Gaeilge ina chuid lárnach d’oidhreacht chultúra na hÉireann agus is foinse thabhachtach iad don tuiscint atá againn ar an am atá thart.   Foilsíodh Liosta Logainmneacha – Tiobraid Árann / Tipperary a d’ullmhaigh An Brainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, sa bhliain 2004.   Pádraig Ó Cearbhaill a bhí mar eagarthoir ar an leabhar sin.    Tuigimid ó Phádraig gur i gcaipéisí Laidine, Béarla nó Fraincise a fhaightear an fhianaise stairiúil d’fhormhór na logainmneacha roimh ré na Suirbhéarachta Ordanáis. Mar is eol dúinn tá leaganacha fada agus gearra de logainmneacha i gCo. Thiobraid Árann. Ionad thábháchtach ab ea “An tAonach” i ré na Normannach.    Tá raidhse tagairtí ann dó i gcaipéisí Laidine ó thosach na triú haoise déag amach – leithéid Nanach (c1200). Níl aon tagairt do “Aonach Urmhumhan” go dtí deireadh na séú haoise déag.   De réir fianaise a bhailigh Pádraig agus a chomhoibrithe sa Rannóg Logainmneacha bhí an fhoirm ghairid den logainm leis an alt roimhe in úsáid ó thosach na tríú haoise déag go dtí deireadh na hochtú haoise déag agus an fhoirm fhada le fáil ó dheireadh na séú haoise déag go dtí lár na naoú haoise déag.  Ba é Seosamh Laoide ba thúisce a thiomsaigh agus a d’fhoilsigh liosta dhá-theangach de bhailte poist uile na tire i leabhar dar teideal “Post-Sheanchas” sa bhliain 1905.  Sa leabhar sin thug sé aitheantas do na foirmeacha fada de na bailte mar “Aonach Urmhumhan, “Caiseal Mumhan,” “Durlas Éile.”  Is tríd an Chóras Oideachais a leathnaíodh na foirmeacha fada sa bhfichiú aois.  Bhí an claonadh ann i measc lucht na hathbheochana aitheantas a thabhairt don fhoirm “Aonach Urmhumhan.”   Glactar leis anois go bhfuil an logainm “An tAonaC14LTSean - Sign Post at Seanin's Crossroadsch” ag síneadh níos faide siar ná an logainm “Aonach Urmhumhan,”  mar ainm ar an mbaile.Dar ndóigh tá stair ag baint leis an dá cheann, ach sé an tainm oifigiúil anois ná “An tAonach.”

Irish Placenames are an intrinsic part of our culture and a means of understanding ourselves and our past.   Liostaí Logainmneacha – Tiobraid Árann/Tipperary – prepared by An Brainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, was published in 2004. Pádraig Ó Cearbhaill, the editor,explained that the historical sources before Ordinance Surveys consisted of manuscriptsin either Latin, English or French.  As we know there are long and short versions of placenames as Gaeilge in Tipperary.  An tAonach was a very important  place under Norman rule.    There are several references to it from the 13th century.   There is no reference to Aonach Urmhumhan until the end of the 16th century. Seosamh Laoide collected and published the first edition of postal towns under the title “Post-Sheanchas” in 1905.    In this book he only recognised “Aonach Urmhumhan.” This name became the Irish name for Nenagh through An Roinn Oideachais and Irish language users.  It is now accepted that “An tAonach” has a longer history than “Aonach Urmhumhan. We also know that they both have historical basis. The officially recognised  Irish name for Nenagh at present is “An tAonach.”    

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s