PLÉ ’16 – Ról na mBan san Athbheochan Chultúrtha

Bileog_Plé_16_Ceart.jpg

Ról na mBan san Athbheochan Chultúrtha                                       Dún Mhuire, An tAonach, 23/0/2016  12.00pm

-Ról na mBan san Athbheochan Chultúrtha-

-The Role of Women in the Cultural Revolution-

Seimineár Dátheangach eagraithe ag Conradh na Gaeilge

Déanfaidh an seimineár seo ceiliúradh agus comóradh ar na hiliomaid ban a bhí gníomhach sna gluaiseachtaí cultúrtha agus sóisialta a d’athraigh sochaí na hÉireann as cuimse ag tús na 20ú haoise. Beidh béim faoi leith ar an gcaidreamh idir gluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseacht na mBan. An raibh Conradh na Gaeilge agus gluaiseacht na Gaeilge níos forásaí ná grúpaí eile? Ar thug gníomhaíocht i ngluaiseacht na Gaeilge breis misnigh do na mná a bhí ag teacht chun cinn mar ghníomhaithe i ngrúpaí eile?

This seminar will celebrate and commemorate the large numbers of women who were active in the cultural and social movements which changed Irish society so much in the early 20th Century. There will be a particular emphasis on the relationship between the Irish Language movement and the women’s rights movement. Were Conradh na Gaeilge and the Irish language movement more progressive than other groups? Did participation in the Irish Language movement give more courage to those women who were coming to the fore as activists in other movements?

 

I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta beidh:                                      Amongst the experts debating this topic will be:

  • Sandra Collins – Stiúrthóir, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann                           (Director of the National Library of Ireland)
  • Catherine Morris  – Údar, “Alice Milligan and the Irish cultural revival”

 

  • Linda Ervine –  Oifigeach Forbartha Gaeilge, Turas                                                          (Irish Language Development Officer, Turas)

Seo an Scéal le Conradh na Gaeilge Márta 2016

5F1A4741.JPGRith 50,000 Duine Ar Son na Gaeilge le Rith 2016

Thug an fhéile agus ollrith náisiúnta is mó go dtí seo cuairt ar 32 Chontae thar 11 lá

Cuireadh fáilte roimh Rith 2016 le reathaithe ó Choláiste Pobail, Buiríos Uí Chéin, Meán Scoil Mhuire agus Meánscoil na mBráithre, An tAonach ag Timpeallán Phort Rua ar an Mháirt 8 Márta. Tháinig reathaithe ó Ghaelscoil Aonach Urumhan chun rith leo ar an mbóthar chuig an tAonach.

Maidin bhreá a bhíann agus sceitimiíní ar na scoláirí go léir. Chríochnaigh lucht an Aonaigh ag an Institiúid ag ól uisce faid is a chuaigh Rith ar aghaidh chuig Biorra.

Bhailigh slua do cheolchoirm sráide le Seo Linn i gColáiste na Tríonóide san ardchathair chun críoch a chur le Rith 2016, Dé Luain, 14 Máirt 2016, áit ar léigh Críona Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, teachtaireacht speisialta amach arna scríobh ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn go speisialta do Rith 2016. Ghlac 50,000 duine páirt i Rith 2016 idir 4 – 14 Márta i mbliana, agus thug an fhéile agus ollrith náisiúnta cuairt gach contae in Éirinn thar thréimhse 11 lá den chéad uair riamh.

Cúrsa 700km ar fad a bhí i gceist le Rith 2016 agus bhí an ollrith sealaíochta ar cheann de phríomhimeachtaí comórtha Éirí Amach 1916. Rinne daoine aonair, scoileanna, grúpaí pobail, gnólachtaí agus eile urraíocht ar na ciliméadair de chuid Rith 2016, agus d’iompair na reathaithe bata ina raibh teachtaireacht dóchais ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i bhfolach ann. Tugadh an bata ó dhuine go duine, ó chiliméadar go ciliméadar go críoch Rith 2016. Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ina chuid teachtaireachta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a ghlac páirt i Rith 2016:

“Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ní hé gur rith maith atá déanta ag an bpobal breá daoine a ghlac páirt san éacht seo a bhfuil deireadh ag teacht leis anseo, ach rinne siad rith iontach. Agus tá sé lánoiriúnach go dtiocfadh siad go dtí an ceann scribe anseo I mBaile Átha Cliath, áit ar déanadh dea-sheasamh, seasamh misniúil cróga 100 bliain ó shin.

“Bhí sé riamh i gceist go mbeadh baint ag an nGaeilge le sláinte na tíre, sláinte agus folláine intinne agus meoin sa chéad áit, ach sláinte a rachadh chun sochair an phobail i gcoitinne ar gach slí. Bhain an Ghaeilge leis an athbheochan ghinearálta spride a thug ardú meanman don náisiún agus a bhfuil comóradh speisialta á dhéanamh againn air i mbliana. Agus tá feidhm ag an nGaeilge fós san athbheochan spride agus misnigh is gá a bheith againn sna blianta amach romhainn.

“Chuaigh an Ghaeilge amach ar fud na tíre ag tabhairt eolais agus féinmheas do na daoine i mblianta tosaigh na hathbheochana. Feicimse cosúlachtaí idir an teachtaireacht a scaip siad an t-am sin agus an gaisce taistil seo inar ghluais daoine le Gaeilge den scoth, nó le Gaeilge mheirgeach, nó le Gaeilge a bhí leathdhearmadta, nó iad siúd nach raibh acu ach an cúpla focal féin ó Chorca Dhuibhne go Carn Tochair agus na céadta áit idir eatarthu sna 32 contae den oileán seo ag taispeáint agus ag léiriú go bhfuil beatha agus tiomáint agus brí sa teanga in ainneoin cora crua na staire.”

Is féile dhébhliantúil é Rith a bunaíodh in 2010 leis an aidhm an Ghaeilge a cheiliúradh sa phobal ar bhealach atá uileghabhálach, físiúil, agus gníomhach. Ghlac 10,000 duine páirt sa chéad Rith in Éirinn i 2010, bhí 27,000 duine páirteach i Rith 2012 agus 30,000 duine i Rith 2014, ach bhí Rith 2016 ar an gceiliúradh is mó go dtí seo le breis agus 50,000 ag rith ar son na teanga le linn Sheachtain na Gaeilge 2016.

Bhí Rith 2016 ag rith faoi thionlacan charranna Toyota, buíochas le Toyota Ireland.

Gluais :

Reathaithe – runners; Timpeallán – roundabout; Sceitimíní – excitement;           Ardchathair – capital city; Ollrith sealaíochta – huge relay race; Príomhimeachtaí principal events; Gnólachtaí – business’s, Urraíocht – sponsorship; Teachtaireacht dóchais – message of hope; Éacht –achievement;  Athbheochan spride – revival of spirit                Féinmheas – self respect; Beatha, tiomáint agus brí – life, drive, and meaning

 

Dánlann

RITH 2016