Clár Dúchas – Éigse do Thiobraid Árann – 13,14,15 Meán Fómhair 2013

Dúchas pic 3

Aoine

13 Meán Fómhair 2013

7.15 pm    

Fáiltiú agus Clárú 

7.45 pm    

Oscailt Oifigiúil – ag Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

8.00 pm    

Iníonacha, Cait agus Cúirt, radharc ar fhobairt na scríbhneoireachta agus na lámhscríbhinní in Éirinn ó ré na gCloch Oghaim go dtí an 19ú haois.  léacht leis an    Dr Emma Nic Chárthaigh, Ollscoil Luimnigh.  

Satharn 

14 Meán Fómhair, 2013

2.00 pm 

Brian Bóroimhe agus na Lochlannaigh – le Tonaí Ó Roduibh

4.00 pm 

Eineachlann Iosraelach an naoú leabhar filíochta le Liam Prút – á sheoladh ag an Dr Ciarán Ó Coigligh

Léamh filíochta le Liam Prút

8.00 pm 

Caitlín Ní Uallacháin – dráma le W.B. Yeats á léiriú ag Aisteoirí an Aonaigh 

Ceapóga agus Mír Thraidhisiúnta: Eachtra an Phacaire agus na Caillí – Áine Uí Chuill & Eibhlín Uí Lionáird, Cúil Aodha.  

i gcomhair leis – An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta. 

Domhnach 

15 Meán Fómhair, 2013

10.00 am 

Aifreann – Seipéal Naomh Muire

11.00 am 

Turas ar na Mianaigh Béal Átha Gabhann, 

Treoraí: Eamonn de Stafort

Dúchas 2013 –

An Dr Emma Nic Chárthaigh  

Ábhar curtha ar fáil ag Emma don Fhoclóir stairiúil áitainmneacha na Gaeilge Aistriúcháin agus eagarthóireacht ar théacsanna próis, ar fhilíocht na mBard: staidéar déanta aici ar aistriúcháin Laidineacha d’fhilíocht na meánaoise in Éirinn agus ar an dearcadh Críostaíochta ar neamh ar ifeann agus ar an “saol eile.”  Is léachtóir í Emma faoi láthair i Rannóg na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.  Roimhe seo bhí sí ag obair ar an tionscnamh “Locus,” Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tonaí Ó Roduibh

Lonnaithe i gCathair na Gaillimhe ach ó Ros Comáin ó dhúchas dó.  Is staraí agus múinteoir náisiúnta é.  Staidéar ar sheandálaíocht agus stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhí sé ina Reachtaire ar Chumann Staire na hOllscoile augs tá sé fós ar Choiste Stiúrtha de Chomhaltas na gCumann Staire (eagraíocht náisiúnta).  Ag obair faoi láthair ar Ph.D. faoin mboilsciú in Éirinn le linn an 6ú aoise déag.

An Dr Ciarán Ó Coigligh 

I mBaile Átha Claith a rugadh agus a tógadh Ciarán Ó Coigligh.  Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus í mBaile Átha Cliath.  D’oibrigh sé sa Roinn Bhéaloideasa, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath chomh maith.  Is Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath anois é.  Is file é agus cuid mhaith leabhar foilsithe aige – “Seanchas Inis Meáin”, agus “Raiftearaí” ina measc.

Liam Prút 

As Tír Dá Glas, Co Thiobraid Árann do Liam.  Mar mhúinteoir tamall agus ina dhiaidh sin mar aistriheoir i dTithe an Oireachtais.  Idir Fhilíocht agus phrós foilsithe aige thar na blianta agus duaiseanna Oireachtas na Gaeilge bainte amach aige.  Eineachlann Iosraelach : “Saothar é a bhfuil fíoch, fuinneamh agus faghairt ann in aghaidh na héagóra.” – Pádraig Ó Fiannachta.

Áine Uí Chuill & Eibhlín Uí Lionáird 

Tá cónaí ar Áine agus Eibhlín i gCúil Aodha, Co. Chorcaí – préamhaithe agus lonnaithe sa Ghaeltacht.  Is aisteoiri agus amhránaithe iad beirt – an-chuid ceapóga, lúibíní agus drámaí léirithe acu faoi choimirce an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta.