Bhí os cionn míle dalta ón Aonach agus ón gCeantar maguaird páirteach sna Comórtais Fhéile an Aonaigh le linn Sheachtain na Gaeilge
Bhronn Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, na Gradaim ar na daltaí san Ionad Ealaíne le déanaí. Thug sí ard-mholadh dos na tuismitheoirí, agus múinteoirí, agus dhein sí comhghairdeas leis na daltaí go léir a ghlac páirt.
Mar eolas dúirt sí go raibh os cionn milliúin duine páirteach i Seachtain na Gaeilge.
Aithriseoireacht 2018
Slua Amhránaíochta
Bunscoil na Carraige.
Labhairt na Gaeilge Rang 6
Corn Fhoras na Gaeilge … Bhronn Orlaith Nic Ghearailt Corn Fhoras na Gaeilge ar Alice Nic Giolla Ghannáin Rang 6, Gaelscoil Aonach Urmhumhan.
Féile an Aonaigh 2018
Comórtais Scoile —–Bunscoileanna—–Márta 2018
Comórtais Scoile—–Iarbhunscoileanna——–Márta 2018
Comórtais Scoile —–Bunscoileanna—–Márta 2018
Féile an Aonaigh 2017
Buaiteoirí
Comórtas Labhairt na Gaeilge Rang 6
Comórtas Labhairt na Gaeilge Rang 5
COMÓRTAS SLUA AMHRÁNAÍOCHTA
Scoil Náisiunta Teampall Tuaithe
Gaelscoil Aonach Urmhumhan
Comórtas Aithriseoireacht
Comórtas Ealaíon
Dó fá Dó i nDún Mhuire 10/03/2017
Comórtas Bunscoileanna
Bíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl í mí Márta gach bliain.
Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Gaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn in Éirinn gach bliain. Tá sí ag dul ar aghaidh le fada anois agus maireann sí ar feadh coicsíse – sna laethanta díreach roimh Lá le Pádraig.
Bíonn na céadta míle daoine páirteach in imeachtaí a bhíonn á n-eagrú ag suas le 300 grúpa le céilithe, ceolchoirmeacha agus quizeanna boird san áireamh. Bíonn na himeachtaí seo á n-eagrú i ngach contae in Éirinn agus taobh amuigh de.
Is í aidhm na Seachtaine ná an Ghaeilge agus cultúr Gaelach a chur chun cinn agus deis a thabhairt do dhaoine iad a bhlaiseadh. Is féidir le gach duine úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus as an gcultúr.
San Aonach bíonn Féile an Aonaigh ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge. Bíonn comórtas don Óige agus imeachtaí ar siúl do dhaoine fásta ag an am seo. Tugann sé deis a do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i measc chomhluadair.
Tá an Ghaeilge thart timpeall orainn agus í an bheo i saol na hÉireann. Bígí ag caint!